shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

An Longfort

S’é Ja Keating a thosaigh é. Leath uair t’éis a hocht maidin Sathairn agus an ghrian ag scalladh isteach. John Byrne ag moladh Ja as a chineáltas dán chomh hálainn a sheoladh againn. Filíocht ón mbeirt maidin Sathairn? B’éigean rudaí a seiceáil go beo!

Ní raibh sé i bhfad gur thuig mé an údar iontais. Dán cumasach eile ó pheann Rye Aker agus Gaillimh Aontaithe mar ábhar scríofa aige. Sábhála Dia Sinn ach bhí fírinne ann. Walshie, Noel Connolly , na Comers agus rudaí ag tarlú. Ba deisbhéalach slachtmhar an cur síos ag Rye. File a thuigeann peil, leantóirí agus Gaillimhigh.

Ní minic a fhaigheann lucht spórt aitheanntas i gcúrsaí léinn. Ní heol do fhormhór muintir Luimnigh go raibh ginias mar Michael Curtin ar an saol. Bheadh obair agat mórán a fháil a thuig tábhacht Paul Mercier agus an dráma iontach aige Shoot. Ní i lár an aonaigh a bhíonn muid maidir le na healaín. D’ardaigh dán Rye Aker an spiorad agus thug sé borradh agus féin mhisneach dúinn uilig. Nár Laga Dia do pheann a Rye!

Is minic a dúirt mé leo siúd atá sásta cluas a thabhairt dom fós nuair a bhuann muid as baile go dtiomáineann an carr é féin abhaile. Nós mar a bheadh brat draíochta ní aireodh duine an turas abhaile. Mar sin a bhí sé ag filleadh as Port Láirige. Bua agus sásamh aisteach as an taispeántas.

B’é Ronnie Ward bocht ab éigean cur suas leis an teoiric seo roimh an chluiche in aghaidh Bré. S’én mian a bhí agam féin go naireodh pobal Thír Oileáin an sásamh céanna seo . Bhí leads John Caulfield réitithe thíos fúm sa seomra feistis agus mé ar mo shuaimhneas ag éisteacht le Ronnie agus Derek Rogers againn féin ag plé an saol oibre san Ollscoil. Chuiridís beirt an cat ag gáirí.

An taispeántas sa chéad leath a d’ardaidgh croíthe go leor. Teicnic, cur chuige staidéarach agus Stephen Walshe mar a bheadh leon chun tosaigh. Ní mórán tosaithe a thugann tromluíthe do chosantóirí Bré.Is laoch cruthanta againn féin é a bhfuil fuil agus spiorad Miko, Chick, Mags, Jimmy Nolan agus na Murphys ann. Is mór an méid sin.

Maidir leis an gcluiche bhí neart sásamh le baint as ag leantóirí baile. Bhí idir samhlaíocht agus teicnic san imirt. An domhan do fhís san imirt ag Alex Murphy, cinnearacht Conor McCormack, sábháilteacht ár gcosantóirí láir agus cumas Manu Dimas.

Shocraigh mé ag leath am imeacht ón seastáin chun seasamh taobh thiar do chúl na habhann. Mo chomrádaithe óga Timí O’Connell, Colm Garvey agus Lucie Styles in éineacht liom. Bhí sé suantasach cuairt a thabhairt ar an athchóiriú a deineadh ar an siopa againn. Fíor oibre curtha isteach ag oibrithe deonacha ann. Slachtmhar agus léiriú ar uallmhian an chumainn. Mo ghraidhin sibh!

Sa darna leath bhí an slua dár leantóirí óga glórach agus tacúil. Níor chliseadar fiú agus Bré ag teacht sa gcluiche. Bhí comhrá fada agam roimh agus t’éis na coimhlinte le Eddie Cox fear a chaith a shaol ag freastal ar na Fáinnithe. Bhí muid ar aon intinn faoi seasamh na foirne éagsúla agus agus na deachrachtaí a bhaineann le saol na Céad Roinne.

Údar ionsparáid i gcónaí dom castáil le daoine a thugann scothsheirbhís don tsraith againn. Má bhí sciorta don ádh leis an bpeno againn ba diabhaltaí slachtmhar an bealach ar bháigh Dave Hurley an cic. Nós Killian Brouder tá tábhacht Dave don fhoireann ag méadú in aghaidh na seachtaine.

D’fhreagair muid an glaoch le dul ag breathnú ar bháireoirí na Gaillimhe Dé Sathairn. Ní raibh mórán do choimhlint ar fáil ach bhí sé iontach mac Ronán Killeen, Tiernan a fheiceáil ag teacht chun páirce sa darna leath. Pictiúr a athair é. Thug Ronan scothsheirbhís dúinn anseo i dTír Oileáin anuas tré na blianta. Tá an cumas spórt le sonrú i gcónaí sa chlann seo.

Ag bualadh suas go Caisleán an Bharraigh a bhí ár dtriail ar an Domhnach. Údar mórtais dúinn anseo páirt Conor Gleeson do na Gaillimhigh sa chúl. Ag bualadh bleid cainte leis t’éis an gcluiche bhí eolas mhaith aige ar Utd agus an gaisce ag Stephen Walsh. Foireann óg eile a bhfuil mianach iontu agus tradisiúin taobh thiar dóibh. Giorróidh siad an aimsir dúinn. Beidh le feiceáil cén áit a chríochnóidh an aistir acu.

Anocht Longphoirt linn agus cuimhne mhaith againn faoin méid a thit amach sa gcluiche deireannach. Tá cumas inár gcéile comhraic agus beidh John Caulfield agus a fhoireann san airdeall. Muid féin mar leantóirí is mór linn deis eile a bheith againn súil a chaitheamh ar fhorbairt na foirne seo. Cá bhfios nach spreagfadh sé véarsa nó dhó eile? Gaillimh Abú!

 

BERNIE O’CONNELL