shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Comórtas Tráchtaireachta RTÉ Raidió na Gaeltachta

An bhfuil suim agat sa sacar? An bhfuil tú ag freastal ar scoil dara leibhéal? An bhfuil Gaeilge agat agus an bhfuil suim agat i gcúrsaí tráchtaireachta?

Má tá, seo í do sheans. Tá RTÉ Raidió na Gaeltachta ag reáchtáil comórtas tráchtaireachta i gcomhar le Cumann Sacar Ghaillimh Aontaithe do scoláirí meánscoile na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus Ros Comáin.

Níl ort ach tuairisc idir 30 agus 45 soicind ar chluiche Roinn a hAon na Sraithe SSE Airtricity idir Gaillimh Aontaithe agus Loch Garman i bPáirc Eamonn Deacy ar an 3ú Bealtaine, a scríobh, a thaifead agus a sheoladh isteach ar ríomhphost chuig RnaG-GaillimhAontaithe@RTE.ie roimh an gCéadaoin an 8ú Bealtaine.

Déanfaidh painéal iriseoirí agus saineolaithe na h-iarrthóirí is fearr a phiocadh as na h-iarratais sin agus fógrófar an gearrliosta ar Spórt an tSathairn ar an 18ú Bealtaine. Beidh orthu siúd a roghnófar tuairisc 45 soicind ar chluiche Ghaillimh Aontaithe le Cábán tSíle ar an Aoine an 31ú Bealtaine a thaifead agus a sheoladh isteach chuig RnaG-GaillimhAontaithe@RTE.ie roimh an gCéadaoin an 5ú Meitheamh.

Beidh dhá thicéad don chluiche cáilithe do Chraobhacha na hEorpa idir Poblacht na hÉireann agus An Eilvéis i Stáid Aviva ar an Déardaoin an 5ú Meán Fómhair, Ticéad Séasúir Ghaillimh Aontaithe, €100 agus Hoodie RnaG ag an mbuaiteoir.

Ticéad Séasúir agus geansaí Ghaillimh Aontaithe agus Hoodie RnaG mar dhuais don dara áit agus Ticéad Séasúir Ghaillimh Aontaithe agus Hoodie RnaG don tríú h-áit.

I láthair ag seoladh an chomórtais i bPáirc Eamonn Deacy le gairid bhí Mark Herrick, Gearóidín Nic an Iomaire, Bernie O’Connell agus a gharmhac Timí, John Herrick agus a gharmhac Matthew, in éineacht le Seán Bán Breathnach.