shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Shelbourne

Fearann Gaillimh Aontaithe fíorchaoin fáilte roimh ár gcuairteoirí Shelbourne anseo tráthnóna. Is mór linn go mbeidh slua mór anseo leis an gcluiche a fheiceáil. Cé nár bhuaigh muid an tseachtain seo caite b’iontach an rud é atmasféar creabhd a bhlaiseadh sa stáid seo arís.

Tá dúshláin ollmhór os ár gcomhair tráthnóna má tá muid chun an ceann is fearr a fháil ar Shels atá chomh mór sin chun tosaigh ag ceann an bhoird. Beidh chuile club ag cur suim sa toradh seo sa súil go gcoinneoidh sé an Chéad Roinn suimiúil go ceann píosa eile ar a laghad.

Ní mór chuile aitheanntas a thabhairt do fhoireann Ian Morris tá idir talann,cur chuige agus cumas oibre iontu ó thús na bliana. Tháinig maith as an mbuille tubaisteach a thug siad dúinn i mBaile Átha Cliath roimh an mbriseadh sa mhéid agus go mb’éigean dúinn dian macnamh a dhéanamh ar leagan amach na foirne againn agus gníomhú dá réir.

Tháinig feabhas aisteach ar fhoireann John Caulfield ó shoin agus níor bualadh muid go dtí’n Aoine seo caite. Bhí suim aisteach ag pobal sacair na Gaillimhe le go bhfeicidís an fhoireann agus iad a mbarr a maitheasa. D’admhaigh na himreoirí iad féin go raibh siad ag súil go mór le n-imirt os a gcomhair. Ar chuir an slua isteach ar na himreoirí i ngan fhios ? Ní fhreagrófar an cheist sin go brách.

D’airigh mé ag dul isteach sa gcluiche go raibh claonadh ag daoine arís an tábla a imirt in áit díriú ar an gcluiche féin. Níl sé sin ag dul ag tarlú tráthnóna. Téann forbairt na foirne againn ar ais i gcónaí chuig an réiteach laethúil sa Droma. D’fhoghlaim muid i gceacht maith saol nach bhfuil fás ar bith ag dul i líne díreach. An cheist bunúsach ná an mbeidh sé ar ár gcumas ceachtanna na seachtaine seo caite a thabhairt isteach sa gcluiche seo.

Tá údar mór sásamh as a bheith i láthair ag cluichí na Gaillimhe chun cinnireacht Conor McCormack a fheiceáil i lár na páirce. Captaen? Ní hea muis ach Ginearál a dhuine! Féach taobh leis an bláthú ar David Hurley agus Gary Boylan. Comharaigh an méid blocanna i gcluiche ag Dave agus an bua aige an líne a bhriseadh. Tá lár páirce a chosaint i bhfad níos fearr anois le fear Mhaigh Eo ag léiriú an talann mór aige.

Caithfear aitheantas a thabhairt chomh maith san fhorbairt fisiciúil agus peile ag Wilson Waweru. Tá a chumas chun an liathróid a fháil agus a chosaint ag teacht ar aghaidh go suantasach. Is mór linn go bhfuil sé ag scóráil leis. Nach é an trua go gcoinníonn gortaithe Ronan Manning agus Francely Lomboto amach ó bheith taobh leis. B’iontach an rud an difir a dhéanann Podge Cunningham, Mikey Rowe agus Shane Doherty i gcluichí nuair a thógtar isteach iad le cluichí a chríochnú amach.

Tuigeann leantóirí an ardú spiorad a thugtar le lead óg mar Alex Murphy ag teacht isteach sa bhfoireann. Ná dearmad laochra óga mar Colin Kelly agus Caoilfhionn O’Dea. D’ardódh sé do chroí breathnú ar an bhfoireann againn F14 i gcoinne Dún Dealgan. Scoth réiteach ag an mbainistíocht agus imreoirí cumasacha. Mol an óige agus tiocfaidh sí!

Ba bhreá an rud a bheith ar ais ar Bhóthar na Díoga Dé hAoine cinnte. One of the lovely aspects of Friday’s game was the opportunity to greet friends old and new. It was particularly gratifying to finally meet Mary Doherty and her family after the Cork game. The Doherty clan had made the long trip from Delran New Jersey to connect with Shane.

This American lad has become more Galwegian than the Galwegians themselves. The measure of regard for Galway United and Shane’s role is always reflected in the Delran viewing of United’s matches. A small put important advance from these most difficult times. A special welcome then to Mary, Brigid, Erin, Niall and baby Nora. I trust that your visit to Galway and Donegal will be richly rewarded. Is mór linn sibh a bheith inár measure.

BERNIE O’CONNELL