Léargas an Phoist
● Teideal: Oifigeach Deonach Gaeilge
● Saghas poist: Ról deonach (gan íocáíocht)
● Ag obair faoi: An Oifigeach um Chúrsaí Sóisialta & Inbhuanaitheacht Timpeallachta, ag dul i mbun plé leis an duine i gceannas ar Chumarsáid/Margaíocht
● Roinn / Feidhm: Tacaíocht ilréimsiúil a thabhairt do Chumarsáid & Margaíocht, do Mheáin / Digiteach, agus do Chúrsaí Sóisialta & Inbhuanaitheacht Timpeallachta (CSIT)
● Láthair: Gníomhaíochtaí Galway United FC (cluichí ag baile, láithreacha traenála, imeachtaí pobail, ar líne)
● Tiomantas ama: Solúbtha, deonach; de ghnáth cúpla uair sa tseachtain chomh maith le laethanta cluiche agus imeachtaí ríthábhachtacha
Feidhm an róil
Tacaíonn an Oifigeach Deonach Gaeilge le húsáid na Gaeilge sa Chlub, i réimsí na cumarsáide, na margaíochta, an inneachair dhigitigh agus na ngníomhaíochtaí pobail. Tá feidhm comhairle comheagair ag an ról go príomha, agus cuireann sé tacaíocht ilréimsiúil ar fáil do Chumarsáid, do Mhargaíocht, do Mheáin agus don Oifigeach um Chúrsaí Sóisialta & Inbhuanaitheacht Timpeallachta.
Ní thógann sé na freagrachtaí ó na feidhmeanna sin, agus ní chruthaíonn sé bainistíocht ar leith nó ról tráchtála.
Príomhfhreagrachtaí
Cur chun cinn teanga agus comhairle teanga
● Comhairle a thabhairt don Chlub ar úsáid oiriúnach seasta na Gaeilge maidir le:
o Cláir an cluiche agus le hábhair clóite.
o Comharthaíocht na staide (ag comhoibriú le háiseanna / oibríochtaí).
o Póstálacha ar na meáin shóisialta, le hinneachar don suíomh idirlín agus le cumarsáid ríomhphoist.
● Bunaistriúcháin / léamh profaí a dhéanamh ar nó a chomheagrú do théacsanna gearra ( m.sh. teactaireachtaí ríthábhachtacha, manaí, fotheidil, ceannteidil) nuair is feidir ar bhonn deonach.
● “Treoir stíle Gaeilge” simplí don Chlub a chur ar fáil (m.sh. nathanna nó litríocht nó stíl arbh fhearr dúinn iad úsáid) ar féidir le foirne na margaíochta, na meán agus leis an bhfoireann CSIT í a úsáid.
Tacaíocht do Mhargaíocht agus do Mheáin
Beidh ar an Oifigeach Deonach Gaeilge:
● Oibriú leis an duine i gceannas ar Chumarsáid/Margaíocht le:
o Gnéithe Gaeilge a chuir i bhfeidhm i bhfeachtais (m.sh. ceannlínte, haishclibeanna, réamthaispeáintí/achoimrí cluiche ar fad a chur in iúl go dátheangach).
o Inneachair Gaeilge a fhorbairt ó am go chéile do na cainéil shóisialta (postálacha, “scéalta”, físeáin ghearra le fotheidil).
o Tacaíocht a thabhairt do dheiseanna meán trí Ghaeilge nuair a thagann siad chun cinn (agallaimh a éascú as Gaeilge, ag cur príomhnathanna nó ceisteanna ar fáil).
● Cinntiú go bhfuil ábhair Gaeilge:
o Cruinn agus nádúrtha.
o Ag cloí le stíl agus le branda an Chlub.
o Ar fáil ar feadh an séasúr ar fad, ní amháin do Sheachtain na Gaeilge.
Tacaíocht do Chúrsaí Sóisialta & Inbhuanaitheacht Timpeallachta
Beidh ar an Oifigeach Deonach Gaeilge:
● Tacú leis an Oifigeach CSIT:
o Leis an nGaeilge a úsáid ar bhealach éigin sa chumarsáid inbhuanaitheachta (m.sh. fógraí, postálacha sóisilata agus ábhair imeachta ar fad a chur in iúl go dátheangach).
o Le deiseanna cistithe nó le deiseanna comhpháirtíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ar fáil a aimsiú agus leis an Oifigeach CSIT nó le duine ábhartha ceannais an Chlub a chur ar an eolas fúthu.
o Trí chabhair a thabhairt le gnéithe Gaeilge a fhorbairt do thionscnaimh pobail agus timpeallachta (m.sh. laethanta glantacháin, cur crann, gníomhachtaí feasachta aeráide).
o Trí chomhairle a thabhairt ar an gcaoi a bhféadtar an fhéiniúlacht áitiúil agus teanga an phobail a léiriú i dtionscadail CSIT agus trí thuairisciú más cuí.
Lá cluiche agus imeachtaí
Beidh ar an Oifigeach Deonach Gaeilge:
● Comheagrú nó tacú le:
o Fógraí nó le míreanna dátheangacha ar laethanta cluiche (ag dul i mbun plé leis an mbolscaire staide / le hoibríochtaí na laethanta cluiche).
o Gnéithe Gaeilge ag na gníomhaíochtaí leath-ama nó ag na gníomhaíochtaí réamhchluiche (m.sh. teachtaireachtaí gearra, amanna cultúrtha).
o Gaeilge le feiceáil i gcláir na laethanta cluiche (m.sh. colún rialta, nuacht dhátheangach foirne, eolas ríthábhachtach).
● Cabhrú le himeachtaí sóisilata Gaeilge / dátheangacha ó am go chéile (m.sh. cruinnithe don lucht tacaíochta atá fáilteach roimh úsáid na Gaeilge, gníomhaíochtaí Sheachtain na Gaeilge, imeachtaí cultúrtha atá feiliúnach do theaghlaigh).
Rannpháirtíocht sa phobal agus le daoine óga
Beidh ar an Oifigeach Deonach Gaeilge:
● A bheith mar phointe teagmhála do:
o Ghrúpaí áitiúila Gaeilge, do Ghaelscoileanna, agus d’eagraíochtaí pobail atá suim acu i gcomhoibrithe leis an gClub.
o Dhaoine sa lucht tacaíochta atá ag iarraidh a bheith rannpháirteach sa Chlub trí Ghaeilge.
● Tacaíocht a thabhairt do rannphairtíocht an Chlub:
o I Seachtain na Gaeilge agus i dtionscnaimh cultúrtha eile.
o I dtionscadail pobail mar a bhfuil baint ag an nGaeilge agus ag féiniúlacht áitiúil leo.
Rialachas, an cumhdach agus comhlíonadh
Beidh ar an Oifigeach Deonach Gaeilge:
● Comhlíonadh le gach polasaí ábhartha atá ag an gClub, ina áireamh:
o An Polasaí Cumhdaigh / um Chosaint Leanaí agus Daoine Óga.
o An polasaí Comhionnanais, an polasaí Ionchuimsithe agus an polasaí Frithchiníochais.
o An polasaí maidir le Cumarsáid agus leis na Meáin Shóisialta.
o An polasaí maidir le Fótagrafaíocht agus le hUsáid Íomhánna.
● Páirt a glacadh i bhfeasacht riachtanach cumhdaigh nó oiliúint riachtanach cumhdaigh, mar a ordaíonn Oifigeach Páistí an Chlub (OPC) / an Teagmhálaí Ainmnithe, go háirithe nuair atáthar ag obair le páistí nó daoine óga.
Sonraíocht an Duine
Tréithe riachtanacha
Tá ar an Oifigeach Deonach Gaeilge:
● Buneolas maith a bheith acu ar an nGaeilge scríofa agus labhartha; a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh go muiníneach agus in ann bunaistriúcháin a sheiceáil.
● Suim a bheith acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gcomhthéacs an phobail agus i gcomhthéacs an spóirt.
● A bheith sásta comhoibriú le baill foirne agus le hoibrithe deonacha i réimsí na margaíochta, na meán, oibríochtaí na laethanta cluiche agus sa réimse CSIT.
● A bheith iontaofa, eagraithe agus a bheith in ann spriocdhátaí a bhaint amach (m.sh. do chláir cluiche, d’ábhair shóisialta, d’imeachtaí).
● A bheith tiomanta do thábhacht an ionchuimsithe, an mheasa agus an chumhdaigh sa Chlub.
Tréithe inmhianaithe
● Taithí sa chumarsáid, sa mhargaíocht, sna meáin, san oideachas, san fhorbairt pobail nó taithí maidir le himeachtaí a eagrú.
● Eolas ar Galway United FC, ar Sraith na hÉireann agus ar struchtúir an phobail áitiúil.
● Nascanna a bheith ann cheana féin le gréasáin áitiúila Gaeilge, le Gaelscoileanna nó le grúpaí cultúrtha.
● Bunthuiscint ar ardáin meán sóisialta agus ar chruthú inneachair dhigitigh.
● Taithí in obair deonach roimhe seo sa spóirt nó in eagraíochtaí pobail.
Tiomantas ama agus tacaíocht
● Tiomantas Ama: Solúbtha, deonach, de ghnáth:
o Cúpla uair sa tseachtain (cianobair agus/nó ar an láthair).
o Am breise i dtrátha príomhócáidí, i dtrátha imeachtaí agus i dtrátha Sheachtain na Gaeilge.
● Tacaíocht agus maoirseacht:
o An Oifigeach CSIT i gceannas ar chomheagar agus ar bhainistíocht líne.
o “Seiceálacha-isteach” rialta le Cumarsáid/Margaíocht agus le hoibríochtaí na laethanta cluiche nuair is gá.
o Rochtain ar pholasaithe an Chlub, ar theimpléid an Chlub agus ar threoirlínte bhranda an Chlub.
● Oiliúint agus forbairt:
o Ionduchtúchán i bpolasaithe agus i ngnásanna an Chlub.
o Oiliúint ar fheasacht cumhdaigh nuair is gá.
o Deiseanna le freastal ar ceardlanna ábhartha nó ar imeachtaí gréasáin, ag brath ar an soláthar agus ar an mbuiséad.
Teorainneacha an róil
● Is ról deonach comhairleach tacaíochta é, níl íocaíocht ar fáil don phost agus ní post feidhmiúcháin é.
● Níl an Oifigeach Gaeilge:
o Amháin freagrach do mhargaíocht an Chlub, do mheáin an Chlub, nó do straitéis CSIT an Chlub.
o In ann an Club a gealladh do chomhaontuithe tráchtála, d’urraíochtaí nó do dheontais gan cead an Bhoird a bheith acu.
o In ann a bheith mar oifigeach foirmiúil an Bhoird nó mar ionadaí na cuideachta ach amháin má tá cead go sonrach i scríbhínn acu.
● Beidh comhaontú an Oifigeach CSIT agus na ndaoine ábartha ceannais (Cumarsáid/Margaíocht, Oibríochtaí) ag teastáil le haghaidh gach mórthionscnamh, gach ráiteas poiblí nó gach athrú polasaí atá baint aige leis an nGaeilge, sula gcuirtear i bhfeidhm é.
Applications should be sent by email to sustainability@galwayunitedfc.ie