shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Ar ais arís

Ní ró fhada a mhair an briseadh lár téarma againn sa tsraith! Is maith go bhfuil muid ar ais i dTír Oileáin i bPáirc Eamonn Deacy agus ár gcairde as Áth Luain mar chuairteoirí againn tráthnóna.

Tá cuimhne mhaith againn ar an gceacht dóite a thug foireann Adrian Carberry dúinn i dtús na sraithe agus tá deis anois againn féachaint cén sort biseach atá tagtha ar na laochra baile ón tráthnóna úd.

Bhí neart díomá orainn ag filleadh abhaile ó Páirc Tolka coicíos ó shoin t’éis an lascadh a thug Shelbourne dúinn. Níor chuir John Caulfield fiacail ann sa léirmheas ionraic a thug sé t’éis na hócáide. Ar feadh fiche nóiméad bhí cumas le brath sa taispeántas againn ach thit an tóin asainn le bronntannaisí don fhoireann baile roimh leath ama.

Ní raibh aon easpa tuairimíocht ó dhílseoirí t’éis an chluiche. Gach duine agus a thuairim féin aige dár ndóigh. Is faoi John Caulfield agus Lisa Fallon agus an fhoireann bainistíochta acu na hathraithe agus an réiteach cuí a dhéanamh don chluiche seo agus na cluichí eile sa tsraith.

Bheadh tú ag súil go bunúsach go mbeidh spiorad agus díocas na foirne le sonrú ar an bpáirc agus fuadar fúthu a léiriú go tapaí go mbeidh toradh ar an traenáil laethúil agus réiteach atá ar siúl acu.

I ndáiríre níl ócáid níos feiliúnaí acu leis an bpaisean acu a thaispeáint do leantóirí Gaillimh Aontaithe. Tá fíor mholadh ag dul do Adrian Carberry agus a fhoireann as a fheabhas a gcuid imeartha sa tsraith. Athrú iomlán tagtha ar an bhfoireann agus stádas an chlub leis. Ní bheidh éinne i nGaillimh ag súil le tada eile ach cluiche dian,dúshlánach eile. Glacann Gaillimhigh leis go bhfuil sé in am ag leads Caulfield ráiteas peile a eisiúint. Beidh le feiceáil.

I dTaobh an Iarthair Dé Luain seo caite chruinnigh pobal cathrach ná Gaillimhe sna sluaite le fáilte a fhearadh roimh an bpeil beo. Bhí díospóireachtaí ann t’éis an chluiche faoi chaighdeáin na himeartha. Ní raibh aon chonspóid faoi thábhacht na hocáide ná díocas agus spiorad na bhfoirne. Bhí sé go maith don chlub seo go raibh John Caulfield i láthair. Rud a bhí suantasach faoin gcluiche ná an muinín a thaispeáin Dave Daly in ógánnaigh Rangers agus an teacht aniar a bhí i bhfoireann Rodney Grant.

Tá fíor chreidiúint ag dul do Corrib Rangers as ucht an bronnadh a rinneadar ar Paddy Grant. Tá fhios ag Gaillimhigh ó cheann ceann an condae an stracadh agus fulaingt a ndeachaigh Paddy tríd le bliain anuas.

Throid Paddy an galar agus choinnigh sé a mhisneach agus is iontach go deo é a fheiceáil ag cluichí arís. Is go rí mhaith atá sé tuillte aige. Ionsparáid cathrach é an fear uasal seo. Fad saol agat a Phaddy, agus tá súil againn go mbeidh neart cluichí agus ócáidí le blaiseadh anois agat go ceann i bhfad.

Tá an mholadh ag dul don Chomharcumann as ucht an ócáid fíorúil a chruthú as an gcluiche seo tráthnóna. Is breá an rud go bhfuileadar ag bailiú airgid ar mhaithe le carrthanachtaí mar aon le foirne faoi aois Gaillimh Aontaithe. Mol an óige agus tiocfaidh siad a deirtear agus tá fírinne an seanfhocal le sonrú san aicsean seo. D’fhoghlaim muid freisean le linn na paindéime chomh mór agus atá an pobal ag brath ar a chéile. Molaim go mór an tuiscint sóisialta atá baill an Chomharcumainn ag léiriú sa bhfiontar luachmhar seo acu.

Beidh slua níos mó le feiceáil ag an gcluiche seo ná mar a bhí le míonnaí fada. Is maith sin ach Le Cúnamh Dé beidh muid i ndon méadú go mór ar na bhfigiúirí agus an pobal peile áitiúil a cheangal lenár bhfoirne. Tá sé ag teastáil go géar.

Le linn an réiteach don darna géabh de Reclaim The Dyke sé mhí déag ó shoin is beag a cheap muid go gcaithfeadh muid Páirc Eamonn Deacy féin a athghabháil sula mbeadh caint ar an Dyke arís. Nár fada uainn an lá go gcomhlíonfar na spriocanna céanna! De réir a chéile a deir na húdaráis. De réir a chéile mar sin.

 

BERNIE O’CONNELL