shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Bré

Ag teacht amach as an gcluiche anseo i gcoinne Loch Garman coicíos siar d’fhiafraigh comradaí díom ‘arbh shoin poinnte buaite nó péire caillte.’ Chuaigh mé ar ais ag an gceist céanna go minic thar an deireadh seachtaine. Lón machnaimh cinnte.

Toisc an ardmheas atá ag an bpobal sacair áitiúil air breathnaítear ar John Caulfield go minic mar dhraíodóir seachas mar bhainisteoir. Téann a cháil roimhe mar sár imreoir agus scoth bainisteoir i gCorcaigh. Tá súil ag leantóirí go mbeidh an toradh céanna go tapaí anseo Cois Coiribe.

Ach ní mar a chéile an dhá chlub nó an tradisiúin peile acu. Tógfaidh sé achar maith orainn club den scoth a thógáil. Sa réiteach gairmiúil laethúil tá na blocanna á thógáil de réir a chéile. Ní ceart dúinn díspeagadh a dhéanamh faoin dúshlán atá romhainn amach chun na Príomh Roinne a bhaint amach.

Cé go raibh díomá ar leantóirí leis an toradh i gcoinne Loch Garman fuair muid údar mórtais san imirt paiseanta onórach ag Stephen Walsh. Ardaíonn sé croíthe, spreagann sé a chomhleacaithe agus lasann sé na sluaite.

Nach breá an rud é gur duine againn féin é Stephen. Bainisteoir Hibernians agus imreoir nach raibh éirí in airde ag baint ariamh leis. Croílár na foirne agus laoch cruthanta. Nár Laga Dia Stephen!

Bhí ábhar mórtais ag leantóirí Gaillimh Aontaithe as an scéal go bhfuil Alex Murphy ar a bhealach chuig Newcastle United. Do lead chomh hóg leis tá imprisean iontach déanta aige in achar gearr. Lonraigh a scil agus cumas anseo i bPáirc Eamonn Deacy agus ar an árdán idirnáisiúnta.

Mar sin féin is mór an rud aird agus fábhar na Príomh-Roinne a bhaint amach. Is trua go bhfuil an fhoireann sinsearach againn féin ag cailliúint sár- imreoir ach tá ríméad an domhain orainn go bhfuil an imreoir óg seo ag fáil a sheans ag an leibhéal is airde. Guíonn muid gach rath ar Alex.

Bhí ceacht peile le sonrú arís ón Máistir Óg Ó Murchú i bPort Láirge an tseachtain seo caite. Smacht, teicnic agus fís in aon pacáiste cumasach amháin. Taobh leis bhí na cosantóirí láir Killian Brouder agus Diego Portilla ar fheabhas.

Más cinnireacht a bhí uait shiúlfá mílte fada le heisimleáir Conor McCormack a fháil. Díocas, spiorad, paisean agus misneach leis. Tá Dave Hurley ag bláthú taobh leis agus b’amhlaidh an scéal arís sa lár ionad spóirt. Bheadh sé tuatach gan tagairt do thaispeántas Conor Kearns idir na postaí.

Is bóthar fada í ó Chathair na dTreabh go Port Láirige. Spreag an aistir cuimhnithe ar Chick go nDéana Dia Grásta Air ag tabhairt faoi ball boy sa Chorn in ‘86, an Corn arís agus talann Jose Quintonga, an t-aitheanntas a thug Port Láirge dúinn nuair a d’fhill muid ar an tsraith i 2014. Tráchtaireacht ar chluiche sa Chorn faoi thuillshoilse ann agus cuimhnithe eile nach iad. Trí ghlún clainne sa charr. Céard eile a bheadh uait.?

Ag trácht ar leantóirí ba diabhaltaí tacúil glórach a bhí an dornán beag a thaisteal ó sheas. Neart amhráin, Mikie Rowe, Rowe, Manu Dimas wears gloves in July, amhrán Walshy, Are you watching Tommy Shields?, agus nuair a bhí an bua faighte agus deireadh déanta comhairle do mhuintir Port Láirge to ‘stick to the hurling’. Leads iontacha.

It was wonderful to meet up with the Doherty family again on a return trip to meet up with Shane. If Shane’s sister Erin, brother-in-law Neil and little niece Nora had just arrived in Ireland, they embraced the occasion in style. Last over here in August the Delran, New Jersey contingent are certainly lucky charms for the team and we welcome them once again this evening in Terryland. Let’s trust too that Shane makes the speediest recovery to first team action.

Ar an mbealach abhaile chíoraigh muid an scéal go raibh Bré t’éis cluiche cothrom a bhaint amach i gCorcaigh. Cuimhnigh go raibh siad t’éis a bheith buailte 0-6 ag baile sa chéad chluiche don séasúr . Ba léiriú grinn ar an bhfeabhas atá ag teacht orthu. Éinne a bhí i láthair nuair a fuair muid an ceann is fearr orthu i mBré ní chuireann an toradh sin mórán iontas orthu.

Bhí sé deacair riamh an ceann is fearr a fháil ar fhoirne Pat Devlin. Tá an méid sin fíor le tríocha bliain faoi chluichí idir Gaillimh agus Bré. Ag dul do Chorcaigh dóibh bhíodar t’éis an bráillín glan a choinneáil i dtrí chluiche sa cheithre cinn deireanach acu. Rinneadar an méid sin arís Cois Laoi. Bímis muiníneach asainn féin ach airdeallach roimh na cuairteoirí seo.

Le Stephen McGuinness, Kevin Knight, Dean Zambra, Rob Manley agus Hugh Douglas ar bord is cinnte go mbeidh jeab ag an bhfoireann baile iad a chloí. Imrímis an chluiche le laochra John Caulfield tráthnóna agus fágfaimis an bord chuige féin go dtí go mbeidh deireadh déanta. Gaillimh Abú!

BERNIE O’CONNELL