shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

In Aghaidh Treaty United

Fearann Gaillimh Aontaithe fíorchaoin fáilte tráthnóna roimh ár gcuairteoirí as Luimneach, Treaty United don chluiche stairiúil seo eadrainn. Tá stair iontach ag baint le cluichí sacair idir Gaillimh agus Luimneach agus is mór an rud foireann den scoth a bheith ar fáil arís ag pobal Luimnigh.

Is mór linn freisean fáilte a fhearadh ar ais roimh Marc Ludden, Jack Lynch, Joe Collins, Tadgh Ryan agus Conor Melody. Thug Marc go speisialta fíor sheirbhís síos tríd na mblianta agus guíonn muid gach rath air sa ré seo dá ghairm peile. Is mór leis an bpobal peile ar fud na hÉireann go bhfuil foireann as Luimneach ar ais rannpháirteach i Sraith na hÉireann. Tá an-thús déanta acu agus tuigeann gach duine go bhfuil mianach do shár chluiche ar fáil againn. Tá na cuairteoirí feicthe beo faoi dhó ag John Caulfield agus beidh obair go léir na seachtaine seo sa Drom dírithe ar an mbagairt atá i bhfoireann Tommy Barrett.

Beidh sé suimiúil féachaint cén dearcadh a bheas ag an mbainisteoir againn ar leagan amach agus crot na foirne anois t’éis an caillteanas sa gcluiche deireanach. Tá painéal mór ag dian traenáil go laethúil agus is dóigh go bhfeicfear athraithe. Cé go raibh díomá t’éis Áth Luain ní mór dúinn cuimhneamh nach bhfuil an tsraith fós ach ina thús.

Caithfear cuimhniú leis go bhfuil athraithe móra ar an bhfoireann i gcomparáid leis na leads a chríochnaigh chomh tréan sin anuraidh. Ní raibh deis ceart fós againn féachaint ar conas a chuirfidh Conor McCormack, Gary Boylan, Conor Kearns, Podge Cunningham agus Rory Keating leis an bhfoireann. Beidh breithiúnas ceart le déanamh ar sin t’éis sraith cluichí.

Leis an bpaindéim ag crá pobal na tíre agus an pobal spórt go speisialta fágtha sa mbaile ar a laghad tugann na cluichí fíorúil deis do dhaoine i bhfad agus i ngearr breathnú ar laochra sacair na Gaillimhe idir fir agus mná. Is Iontach go deo an dul chun cinn suantasach ag mná na Gaillimhe faoi stiúir an seanlaoch againn Billy Clery.

Tá scoth na nimreoirí cruinnithe ag Billy agus GWFC an séasúr seo. Peileadóirí cumasacha mar Savannah McCarthy, Chloe Singleton, Kate Slevin, Lynsey McKey, Aoife Thompson agus Rebecca Tomkins. Chun tosaigh i mbliana tá an seod imreoir Rachael Kearns ar bord. Is seod ceart í naoscaire Mhaigh Eo agus tá difir aisteach chun tosaigh déanta aici. Beidh saineolas an coachálaí Dave Bell agus taithí páirce Ruth Fahy tábhacht tríd an séasúr. Is féidir a bheith cinnte go bhfuil borradh mór faoin bhfoireann.

D’oibrigh a leithéid Stephen Moran, Pádraig de Búrca, Kieran O’Mahoney agus Eamonn Naughton go dian dícheallach do shacar na mban thar na mblianta le go bhféadfaí ardán ceart a thabhairt do na himreoirí seo agus gach seans go bhfaighidh siad an luach saothar atá ag dul dóibh i mbliana.

Guíonn muid gach rath orthu i gcoinne DLR Waves amárach agus tríd an séasúr go léir. Tá súil agam go bhfaighidh siad freisean aitheanntas ceart sa gcondae as caighdeáin cumasach a gcuid peile.

Bhí drochscéal an tseachtain seo caite gur cailleadh Michael Farragher deartháir Donnie. Laoch ar an bpáirc é Donnie agus fear nach ndearna dhá leath dhá dhícheall ar shon an chumainn seo. Ba deartháir chéile é Michael freisean le Gary O’Connor, oibrí eile den scoth againn agus fear séimh uasal. Cuimhníonn muid ar mhuintir Farragher an tseachtain seo. Leaba i measc na naomh ag Michael.

BERNIE O’CONNELL