shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Woodquay Wanderer

Bhí díomá orainn uilig nuair a cuireadh an chluiche i gcoinne Áth Luain ar ceal ar an Aoine. Léigh anseo an alt a scríobh Bernie Ó Conaill don ócáid.

Dá fhad í an oíche tagann an lá a deirtear. Mór an mhaith go bhfuil lá na cinniúna tagtha sa deireadh. Tá athrú iomlán tagtha ar thírdhreach sacar na hÉireann go náisiúnta agus na pianta fáis ag dul leis ach anois tá muid ábalta fáilte a fhearadh roimh Áth Luain sa deireadh.

Tá ceangal láidir idir na clubanna agus tá sé suantasach go bhfuil Colin Fortune le taobh Alan Murphy i mbliana. Rud amháin faoi Colin ná gur thug sé a chroí agus a anam duit ar an bpáirc. Ba cheannaire é a thuig an chluiche agus bhí fhios agat nach raibh éinne eile ar do fhoireann a bhí chun oibriú níos cruógaí ná é. Fear uaibhreach uasal is ea é agus is saibhre muid dá bharr. Fáilte ar ais Fort!

Ar an taobh eile tá Adrian Carberry t’éis cúram Áth Luain a ghlacadh air féin. Bhí idir cumas agus stíl ina chuid imeartha le Gaillimh agus guíonn muid rath air sa chúram nua aige. Tá Gaillimhigh óga tógtha aniar aige agus is breá an rud go bhfuieadar ag fáil ardán náisiúnta arís.

Ag dul siar sna blianta s’é Tony Mannion is mó a bhuaigh onóracha don chlub seo leis an stiúir cumasach críonna aige. Arís agus arís eile d’fhreagair sé an glaoch againn. Bhí a dheartháir John mar dhuine do na sár-imreoirí ag an gcumann leis an bpaisean fíochmhar aige. Níorbh iad muintir Mhainín amháin as Áth Luain a thóg páirt i scéal sacair na Gaillimhe. Cuir san áireamh an bheirt luaite thuas agus a leithéid Martin Sheehan , Larry Wyse, Gordon Brett agus Carl Humphries agus tá liosta aisteach agat dóibh siúd a d’imir do Áth Luain agus a thug scoth sheirbhís dúinne i bPáirc Thír Oileáin.

Is trua nach raibh sé ar ár gcumas an máirseáil de Reclaim the Dyke a rith tráthnóna mar gheall ar an éigínteacht uilig faoi na socruithe. Tá plé ag dul ar aghaidh faoin uair is fearr bualadh faoin togra arís agus fonn ollmhór ann ócáid eile den scoth a eagrú. Coinneofar daoine ar an eolas.

Ar an bpáirc tá infheistíocht láidir déanta ag an gclub a bhuíochas do thacaíocht fiail Luke agus Brian Comer. Míle Buíochas dóibh arís. Tá réimse leathan imreoirí sínithe ag Alan Murphy agus aghaideanna nua go leor faighte againn. Is deas an rud é go bhfuil Timmy Molloy tugtha ar ais sa ngeansaí marún. Ró mhinic s’én treo eile a bhí an sár- thalann Gaillimheach ag dul.

As clann fíor speisialta é Timmy, é féin a dheirfiúracha Clare, Emily agus a dheartháir Liam t’éis a bheith ar fhoireann na hÉireann i gceithre spórt éagsúil. Timmy sa sacar, Clare captaen rugbaí ná hÉireann, Emily cúlbáire hacaí na hÉireann agus Liam ag caitheamh an geansaí glas sa rámhaíocht. Má tá oibrí deonach chomh cruógach agus atá athair Timmy Evan i gclub rámhaíocht Choláiste Iognáid ní heol domsa é ná í !

Cailleadh an t-iar imreoir idirnáisiúnta Jimmy Conway an tseachtain seo caite. D’imir sé le na cuairteoirí tráth don saol. An mhí seo caite chaill an tír duine do mhór laochra na Gaeilge Joe Steve Ó Neachtain. Úrscéalaí , file ,dramadóir agus sár aisteoir. Is breá liom an deis seo a bheith agam le tagairt á dhéanamh don obair iontach aige anseo tráth go raibh an athnuachan á dhéanamh ar Pháirc Thír Oileáin sna naochadaí.

Nuair a bhí cairde i Ranna Rialtais tearc go maith bhí Joe taobh linn. Glór pobal agus fear gnaiúil a d’fhág a lorg ar an saol. Mar a chéile le Johnny Connolly an scoth ceoltóir atá imithe ar Shlí na Fírinne. Fear lách, cneasta a shaibhrigh ceol agus cultúr a phobal. Tá Conamara an- bhuailte. Ar Dheis Lámh Dé go raibh siad.

Ba. mhaith mar a sheas pobal peile na Gaillimhe leis an réiteoir Dave Daly a gortaíodh faoi Nollaig. Bhí an- chruinniú ag an teacht le chéile dhó i mBarr an Chaladh Dé Sathairn seo caite. Is go rí mhaith a bhí sé tuillte ag Dave agus traoslaíonn muid le Willie Grant, Ronan Coleman, Pete Carpenter, Donnie Farragher, Eric Mortimer agus na baill go léir den choiste a d’eagraigh an ócáid álainn seo.

I lár na seachtaine seo caite bhreathnaigh mé ar an gcéad leath idir United agus foireann sóisearach na Gaillimhe atá ag réiteach don chéad babtha san Oscar Traynor. Iar laochra United mar Gary Kineen, Aaron Conway agus Stephen Walshe le chéile i lár na páirce. Sheas an triúr amach mar aon leis an gcúlbáire Colm Power agus an cosantóir láir Nathan Warde. Guíonn muid gach rath ar na leads seo sa bhfeachtas tábhachtach acu.

Ag tagairt do Stephen Walsh ba mhaith liom ár mbuíochas a ghabháil leis as ucht an scoth sheirbhís aige don chlub. Gaillimheach go smior, chiallaigh sé an t-uafás do Stephen an geansaí marún a chaitheamh. Bhí sé onórach agus lán le paisean. Chuir díocas a chuid imeartha Chick (RIP) Miko (R.I.P.), Jimmy Nolan, Mark Herrick, Tommy agus Tony Murphy i gcuimhne dúinn. Is breá liom go bhfuil an taithí seo ar fáil anois ag Hibernians agus foireann sóisearach na Gaillimhe.Míle Buíochas i gcónaí Stephen. Níor spáráil tú tada ar shon an geansaí marún rud nach ndéanfar dearmad air go héasca.

BERNIE O’CONNELL