shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

IN AGHAIDH UCD

Fearann Gaillimh Aontaithe fíorchaoin fáilte roimh ár gcuairteoirí tráthnóna as Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Traoslaíonn muid le na micléinn as ucht an tús spleodrach atá déanta acu sa tsraith. Cintíonn sé go mbeidh suim ollmhór sa gcoimhlint peile seo anocht eadrainn.

B’iontach go deo an faoiseamh a thug an cúl deireanach ag Wilson Waweru dúinn Dé hAoine seo caite. Bhreathnaigh Treaty cumasach t’éis dóibh dul chun tosaigh luath go maith sa gcluiche. Ní mór dúinn gan tada bog a thabhairt dár gcuairteoirí anocht mar is iad a bheas ábalta buntáiste a bhaint as.

Léirigh an bua cuimsitheach ag na micléinn ar Cabinteeley an tseachtain seo caite an cumas atá iontu. D’imir Donie Higgins go sár mhaith sa mbua seo. Guíonn muid gach rath air lena chlub nua. Caithfear súil géar a choinneáil ar Colm Whelan a d’aimsigh an eangach trí uaire sa gcluiche. Léiríonn na hocht bpoinnte atá faighte acu sa tsraith mianach na foirne agus an creidiúint atá ag dul do Andy Myler.

Bhí sé an mhaith Ronan Manning a fheiceáil ar ais i ngeansaí ná Gaillimhe t’éis an sárbhliain a bhí aige anuraidh le Baile Átha Luain. Déanfaidh an chluiche i gcoinne Treaty an mhaitheas don aclaíocht aige. Tá fíor thalann ag an bhfear óg agus feicfidh muid toradh an traenáil lán aimseartha ar a chuid imeartha amach anseo. Tá an chreidiúint ag dul do Wilson freisean as na cúil a d’aimsigh sé in agaidh Treaty agus Átha Luain t’éis dhó teacht isteach ón mbinse sna cluichí úd.

Tá an cuma ar an scéal go bhfuil beagán dúinn ag éirí diúltach nó go bhfuil drochmhisneach ag teacht orainn t’éis an tús atá déanta sa tsraith. De réir a chéile a thógtar na caisleáin a deirtear agus ní haon eisceacht muidne anseo i nGaillimh Aontaithe.

Sé mo bharúil féin ná go bhfuil an traenáil laethúil sa Drom agus stiúir John Caulfield ag dul ag seasamh dúinn. Tá neart aghaidheanna nua ar bord againn i mbliana agus tógfaidh sé píosa crot agus cur chuige éifeachtach a chruthú. Ní mór dúinn a bheith foighdeach agus ligean le John agus Lisa Fallon a marc a fhágáil ar fhorbairt na foirne.

Bhí mi-ádh mór ar mhná na Gaillimhe i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus beidh sé tábhachtach dóibh an ceann is fearr á fháil ar Treaty United amárach anseo i bPáirc Eamonn Deacy. Chruthaigh Rachel Kearns arís go bhfuil fíor chumas aici agus is féidir a bheith ag súil go mbeidh Therese Kinnevey, Shauna Fox, Chloe Singleton ,Aoife Thompson agus Kate Slevin ag déanamh a seacht ndícheall na poinntí a choinneáil ag baile.

Droch sheachtain a bhí ann dóibh siúd go bhfuil luachanna agus prionsabail an spóirt acu maidir leis an scéal tubaisteach faoin sár sraith nua atá á réiteach. An bhfuil aon dóchas ann gur féidir an saint seo uilig a stopadh agus go mbeidh cothromaíocht éicint i gcúrsaí peile. Ní thuigeann an dream atá á réiteach tada ach brabach. Tá an cluiche álainn á scrios acu. Tá sé thar am stop a fhógairt.

Bhí an ríméad orm gur ghuigh Lisa Fallon agus ár laochra peile breithlá shona ar Uachtarán na hÉireann sa teanga binn blasta. Is mór liom na bealaí éagsúla atá Gaillimh Aontaithe ag cur an Ghaeilge chun cinn i mblianta. Tá áit faoi leith ag cultúr, teanga agus pobal sa gclub seo. Tá súil agam nach fada uainn an lá go mbeidh Tír Oileáin lán le leantóirí agus go gcloisfidh an fhoireann againn an meas agus cion atá ag Gaillimhigh orthu.

Gaillimh Abú!

BERNIE O’CONNELL