shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Twilight in Eamonn Deacy Park

Aontaithe leis an nGaeilge

Is ait an mac an saol. Is dóigh nach raibh tuiscint ceart iomlán ariamh againn ar an seanfhocal go dtáinig cruatan agus aiféis na bliana seo caite aníos orainn.

Léiríonn tubaist na paindéime seo an fulaingt, cruatan, strus agus imní chomh maith leis an gcaillteannas ollmhór nach féidir linn riamh a bheith cinnte faoi aon cheo. Tá muid ag dul i dtaithí ar na
cuinsí nua agus ag deighleáil leis más go drogallach agus go faiteach féin é.

Mar fhear a rugadh agus a tógadh i mBarr an Chaladh bhí áit faoi leith ag Páirc Thír Oileáin i mo shaol. Ba mhíorúilt dom nuair a chuaigh Ruagairí na Gaillimhe isteach sa tSraith.

Chiallaigh sé an t-uafás an céim ollmhór seo.

Tá cuimhnithe faoi leith agam ar na sluaite ag bualadh suas An Dyke ar an Domhnach. Bhí laethannta gruama go leor sna seachtóidí i nGaillimh ach d’oscail an aistir sacair seo aislingí agus spriocanna nua dúinn. Tóg an siúlóid féin suas thar na Plots, abhainn na Coiribe ar chlé, an sean fothrach don Sean Chaisleáin, na hoibreacha uisce agus imeacht thar títhe na Farrellys agus muintir Céitinn. Sean suíomhanna don ach domhain nua ag oscailt istigh agus Gaillimh i lár an aonaigh. Thabharfá airgid mhór le go mbeadh tú i ndon iad seo go léir a shiúil agus a roinnt le do chomh leantóirí inniu.

Tá a rithim féin ag an séasúr sacair agus bíodh sé sa ngeimhreadh nó sa samhradh bhí a chuid aislingí féin ag gach ceann. T’éis don paindéim a theacht chugainn caithfear dearmad a dhéanamh ar sluaite agus comhluadar an pobal peile. Is muid atá buíoch anois as deis ar bith amharc ar bith a fháil ar ár gcuid laochra.Ba mhaith mar a d’éirigh leis an gclub aiicsean na bliana as Páirc Eamonn Deacy a thabhairt chugainn. Is mór linn go bhfuil an deis sin arís againn.

Bhí rudaí simplí ann sa saol nár chuir muid mórán suantas iontu go dtí gur baineadh dínn iad. Comhluada, sluaite, siopadóireacht, bleid cainte a bheith agat le duine, taisteal ní áirím sláinte nó fostaíocht. Tá tábhacht faoi leith ag an spórt sa saol mar bhealach éifeachtach chun éalú ó chúraimí an tsaoil. Is aisteach an rud é go bhfuil an árdán spórt i nGaillimh fágtha don sacair idir fir agus mná mar aon le gaiscigh rugbaí Chonnachta.

Duine ar bith a chasann isteach o fíorúil ag an gcluiche seo idir muid féin agus Shelbourne níl amhras orm go mbeadh siad i láthair dá bhféadfaidís. Is maith sin agus léiríonn sé suim agus dílseacht leantóirí. Níl amhras ar bith ach go bhfuil sár fhoirne in aghaidh a chéile tráthnóna agus súile lucht sacair na hÉireann ar thoradh an chluiche mar treoir don rás d’ardú céime. Chuir sé iontas ar mhórán gur thit Shels aníos anuraidh, ní bheidh siad ag iarraidh fanacht i bhfad thíos.

Is maith mar atá an réiteach uilig réamh shéasúrach ag dul dúinn faoi stiúir John Caulfield agus Lisa Fallon. Ba thubaist pearsannta agus don chlub an droch ghortú a bhain do Francely Lomboto. Lead óg cumasach a las suas cluichí go leor anuraidh agus a dhéanfas an méid céanna agus tuilleadh amach anseo. Guíonn muid gach rath air. Go mba seacht n-uaire níos fearr a bheas sé an t-am seo an bhliain seo chugainn.

Cluiche mór le tús a chur le ré nua cumasach a chur i stair an chumainn. Traoslaíom leo siúd ar fad atá rannpháirteach i réiteach an chluiche, forbairt an chumainn agus na himreoirí a chaitheann geansaí na Gaillimhe. Sé mo ghuí go bhfíorófar ár gcuid aislingí peile i mbliana. Idir an dá linn fanaimis slán.

BERNIE O’CONNELL