shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

De Réir a Chéile a Thógtar Na Caisleáin

Ba dhá aistir an-éagsúil ar fad iad na cinn is deireannaí ó Bhaile Átha Cliath agus muid ag leanacht Gaillimh Aontaithe. Buailte go dona ag Shelbourne agus buacach i gcoinne Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath. Bhí athrú suantasach sa spiorad agus dearcadh againn i leith ár gcuid laochra áitiúla.

Ní cuimhneach liom féin aon ré eile i stair an chumainn ina raibh na caighdeáin ullmhúcháin chomh hard. Bhí foirne níos fearr againn le scoth imreoirí ach bhí muid páirt aimseartha don chuid is mó. In amanna eile nuair a bhí muid lán aimseartha ní raibh an fhoireann tacaíochta céanna ag an bhfoireann bainistíochta. Is mór an rud é go bhfuil structúir den scoth cruthaithe dá chuid imreoirí ag John Caulfield.

Is furasta a aithint go bhfuil muid ag fáil an bua anois i gcluichí. Sa chéad dreas ní raibh sé ar ár gcumas buanna rialta a fháil. Bhí sé deacair glacadh le seo t’éis an imprisean aisteach a rinne John Caulfield ar chúrsaí anuraidh. Bhí ná taispeántas réamh shéasúrach ar ard chhaighdeáin ach chomh luath agus a fuair Átha Luain an ceann is fearr orainn tháinig meath ar an gcaoi ar bhreathnaigh daoine ar an séasúr.

Céard a d’athraigh a deir tú? Is é mo thuairim nár athraigh tada substaitiúil ach go bhfuil toradh an dian réiteach lán aimseartha ag bláthú faoi dheireadh. Is mór an rud é amharc a bheith agat ar an traenáil laethúil agus an obair tomhaiste ag John Caulfield agus Lisa Fallon agus a gcuid traenálaithe.

Bhí daoine ag díriú a gcuid méaracha ar aclaíocht na nimreoirí le píosa. I gcoinne na scoláirí Dé hAoine bhí an cumas teicniúil ag lonrú uathu. Sciliúil, máistreacht ar an liathróid, eagar agus gluaiseacht. Mar aon le seo ar fad tá comhthuscint mhaith ag na himreoirí agus obair foirne den scoth. Na cáilíochtaí seo ar fad creidim ag eascrú as an réiteach ollmhór sa Droma.

Nuair a chuireann tú an mí-ádh a bhain le gortaithe a bhain le Francely Lomboto agus Ronan Manning is fiú cuimhniú ar an difir mór a rinne filleadh Conor O’Keefe ar an bhfoireann. Tá cúrsaí ar dheis socair anois agus imreoir láidir stuama i mbun gnímh.D’éirigh linn crot cothrom a athleagan agus feiceann muid bláthú an talann lár páirce. Imirt den scoth ó Dave Hurley agus Gary Boylan faoi stiúir an Ginearál McCormack.

Chun tosaigh beidh cuimhne go ceann i bhfad ar chaighdeáin an dhá chúl i mBelfield.
Ruairi Keating agus Wilson Waweru cumasach agus Podge Cunningham i ndon scóráil agus bagairt difriúil a thabhairt isteach má chuirtear isteach é sa dar a leath.

D’imir Mikey Place an mhaith ar dheis Dé hAoine agus deineadh suantas don chumas aige lena chloigeann sa dhá bhosca chomh maith leis an luas aige.

Is diabhaltaí an cúpla seachtaine atá curtha isteach ag an déagóir óg Alex Murphy. Tá trí sár chluiche imeartha anois ag an lead óg agus é ag imirt mar sean fhondúir. Níl rás Stephen Walshe rite fós agus má shlogann a chomhleacaithe roinnt do spiorad iomaíochta ná Gaillimhe uaidh beidh linn.

Tá laochra eile gur ceart cur síos a dhéanamh orthu ach s’én obair foirne agus an spiorad is tábhachtaí. Ní ón ngaoth a phioc siad sin. Baineann sé le obair cruaidh, réiteach tuiscinneach agus structúir gairmiúil a bheith á thógáil ag an gclub. Gné eile atá thar a bheith tábhachtach ná go bhfuil foireann Caulfield ag imirt an chluiche atá rompu amach seachas a bheith ag imirt an tábla.

Tá ár gcairde as Cobh linn tráthnóna. Tá an -chur amach ag a leithéid Cian Murphy, Dave O’ Leary agus Stuart Ashton ar Ghaillimh Aontaithe agus d’airigh siad go raibh sciorta maith den ádh ar Ghailllimh sa chluiche roimhe seo eadrainn i gCorcaigh. Mar is dual don chlub oibreoidh siad crua chun toradh as baile a fháil. Ní ceart a bheith ag súil le tada eile ach dian choimhlint.

Ní haon comhtharlúint ar chor ar bith é go bhfuil cúrsaí na Gaillimhe ag feabhsú agus leantóirí ag teacht chuig cluichí. Más de bheagán féin é is mór an difríocht atá siad ag cruthú. Molaim go mór an dream a thaistil go dtí Belfield. Iad glórach,lán le dea-iúmar agus omós acu don bheannacht a bheith ag freastal ar chluiche arís. Chuideoh sé go mór linn dá mbeadh tuilleadh leantóirí scaoilte isteach ag cluichí sna seachtainní romhainn amach.

Comhgairdeas ó chroí le Connor Gleeson a d’imir an mhaith i gcúl na Gaillimhe i Ros Comáin. Tá neart ullmhúcháin roimhe anois agus é ag réiteach do Chraobh Chonnachta. Is deacair meabhar a bhaint as taispeántas ár gcuid báireoirí i bPáirc an Chrócaigh. Déanfaidh an cluiche maith dóibh is dóigh ach tá bóthar achrannach rompu. Tá mná na Gaillimhe ag dul chun páirce tráthnóna agus guíonn muid gach rath ar fhoireann Gerry Fahy sa chraobh. Grúpa speisialta eile sna dathanna marún agus bán. Go nÉirí Leo!

BERNIE O’CONNELL