shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Cobh

Is gearr a bhíonn an t-am ag imeacht a deirtear ach le na cluichí as baile uilig agus an aird ar an bhfoireann náisiúnta an tseachtain seo caite airíonn sé píosa deas ó bhí cluiche againn ag baile. Anuas air sin ar fad bhí an ollchruinniú speisialta ag an gComharcumann faoi úinéireacht an chumainn Dé Céadaoin seo caite. Is maith an rud mar sin go bhfuil ár n-aird uilig dírithe arís ar laochra óga John Caulfield agus an feachtas sraithe acu.

Ag Geata an Easpaig Dé hAoine seo caite bhí dúshlán mór os comhair na Gaillimhigh. D’fhoghlaim muid arís nach bhfuil tada éasca sa gCéad Roinn. T’éis go ndeachaigh an fhoireann chun tosaigh chlis orainn taispeántas sách láidir a chur isteach a chinnteodh an bua. Ní féidir Longphort a chur as an áireamh sa rása seo.

Ba léir an difríocht a rinne as láithreacht Alan Murphy ar chlé. D’fhéadfaí an rud ceannan céanna a scríobh faoi Diego Portilla agus Manu Dimas. Anuas air sin bhí Shane Doherty ar láir freisean agus bheadh buntáiste le fáil uaidh ón mbinse am ar bith ach go háraithe nuair a bheadh muid ag iarraidh ceisteanna difriúla a chur ar ár gcéile comhraic.

Creidiúint arís dár leantóirí as baile. Glórach, bródúil arís agus lán le iúmar. Chuireadar go mór le hatmasféar na hócáide . Cuireadh cóir mhaith orthu sa Dog and Duck agus beidh cuimhne go ceann i bhfad ar ghnaíúlacht fear an tí ann.Nár Laga Dia Frank Clehane agus a bhean Brenda. Is go rí mhaith atá gáir molta dá gcuid féin tuillte acu!

Is léir go bhfuil séasúr fada os ár gcomhair amach agus go mbeidh tábhacht le doimhneacht painéal John Caulfield. Idir gortaithe, tinneas agus glaochanna idirnáisiúnta ní thógann sé mórán le brú a chur ar na roghanna atá ag an mbainistíocht. Tá fíor chreidiúint ag dul d’inniúlacht Stephen Walsh sa gcaoi gur féidir leis cabhrú leis an bhfoireann ag dhá cheann na páirce. Searbhónta dílis peile do Ghaillimh anuas tré na blianta.

Is mór an rud freisean Francely Lomboto agus Ronan Manning a fheiceáil ag feabhsú go mór ó thaobh a gcuid aclaíochta de. Níl aon amhras ach gur chuir easnamh na beirte isteach go mór ar ár seansanna ardú céime a bhaint amach anuraidh. Tuigeann leantóirí go dtógfaidh sé píosa ar an mbeirt a bheith i mbarr a maitheasa ach anois tig linn ceann scríbe a fheiceáil dóibh agus cumas ionsaitheach mór a chur acu leis an bpainéal imeartha.

Gné atá ag déanamh beagán tinnis dúinn ná an claonadh ag an bhfoireann ligean le foirne teacht ar ais i gcluichí. Ag an am céanna bhí teacht aniar aisteach anseo san athbheochan againn féin i gcoinne Port Láirge.

Tuigeann leantóirí go rí-mhaith an tábhacht le buanna agus torthaí. Caithfear an ceann is fearr a fháil i ngach cluiche leis an taispeántas ach tá tréithe mar spiorad, crógacht agus obair foirne thar a bheith tábhachtach freisean. Sainmharcanna i ndáiríre do fhoirne ag John Caulfield.

Níl an tsraith seo ach ina thús. D’airigh mé anuraidh go ró- mhinic gur imir leantóirí an bord seachas an chéad chluiche eile. Mar sin bíodh an t- omós ceart againn dár gcuairteoirí as Cobh tráthnóna. Tá sé rí- thuillte acu.

Tá stair ársa ag an gcumann agus iad seasta diongbháilte faoi bheith iomaíoch sa tsraith.Sna cluichí imeartha go dtí seo acu léiríodar go bhfuil sé deacair an ceann is fearr a fháil orthu.

Sheas an bua acu in Áth Luain amach go maith agus ní raibh mórán mícheart leis an gcluiche cothrom i gcoinne Treaty. Ní raibh cluiche acu Dé hAoine seo caite rud a fhágann go mbeidh siad réitithe agus friseáilte go maith ag dul chun páirce tráthnóna.

Beidh orainn súil géar a choinneáil ar Danny O’ Connell chun tosaigh. Tá cumas san imirt leis in imreoirí mar John Kavanagh, Ben O’Riordan agus Beinón O’ Brien-Whitmarsh agus Harlain Mbayo.

Labhair fear léannta liom tráth ag tagairt don nádúr athghiniúna sa bpeil. Thit muid Dé hAoine seo caite. Tá sé in am éirí arís agus ráiteas láidir a dhéanamh faoi chumas agus uallmhiain na foirne seo. B’é Tony Mannion a déarfadh gur fearr taisteal go dóchasach ná ceann scríbe a bhaint amach. An lá is measa againn bhí dóchas againn. Conas nach mbeadh? Gaillimh Abú!

 

BERNIE O’CONNELL