shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Loch Garman

Fáiltíonn Gaillimh Aontaithe tráthnóna roimh Ian Ryan agus na laochra óga aige as Loch Garman. Ba léir don dall an feabhas aisteach a tháinig ar an bhfoireann óg seo t’éis do Ryan teacht i gceannas as anuraidh. Cé go raibh siad ag bun na sraithe nuair a bhuail siad linn go deireanach agus leads John Caulfield i mbarr a réime thugadar sár thaispeántas anseo i bPáirc Eamonn Deacy spiorad, measctha le cur chuige staidéarach.

Chuir Ian Ryan agus Lorcan Fitzgerald go stuama leis an bpainéal ó shoin. Léirigh an cluiche in aghaidh Cathair Corcaigh seachtain ón Aoine seo caite an dul chun cinn atá á dhéanamh acu. Bhí an tuafás den imirt acu ach gan iad i ndon na seansanna a chruthaigh siad a chríochniú. Thaispeáin siad arís go gcaithfidh foirne a bheith san airdeall rompu.

Roimhe sin fuaireadar an ceann is fearr ar Áth Luain agus Cobh agus chríochnaíodar cothrom as baile i gcoinne Fánnaithe Bré. I measc na nimreoirí gur ceart suantas a thabhairt dóibh beidh súil géar againn ar Conor Barry a d’imir go maith linn féin. Tá scil,fís agus teicnic ag an bhfear agus ó laethanta Tommy Dunne bhí ard mheas anseo ar Conor. Fáilte ar ais chuige!

Léirigh síniú an naoscaire Dinny Corcoran an uallmhiain ag na cuairteoirí i mbliana. D’fhéadfá Aaron Dobbs, Joe Manley, Harry Groome agus an cúlbáire Paul Hunt a chur san áireamh leis na hainmneacha sin. Tá an- chumas agus aicsean i bpeil Jack Doherty.

Maidir linn féin anseo an oíche céanna i gcoinne Cobh Ramblers bhí sé suantasach go raibh seilbh na liathróide againn ach gur chinn orainn an forlámhas sin a aistriú ar chlár na scór. Léirigh cúl Killian Brouder an tábhacht aige i bhfeachtas na bliana seo.

Ba mhór an rud Alex Murphy ar ais ar chlé agus thug Stephen Walsh ardú meanmain don fhoireann agus don lucht féachana nuair a tháinig sé chun páirce. Shuimigh fear amháin suas go maith é leis an ráiteas ‘Bhí sé go maith buachaint ach ní bua maith a bhí ann’.

Bhí neart spiorad agus scrúdú coinsiasa ag ollchruiniú an comharcumainn maidir le húinéireacht an chumainn. Mar a bheadh duine ag súil bhí díospóireacht oscailte bríomhar sa gConnacht seachtain ón gCéadaoin seo caite. Bhí an tuairimíocht láidir agus poinntí tábhachtacha déanta ar dhá thaobh an scéil. Thar aon cheo sheas an cion agus meas a bhí ag leantóirí don chumainn bídís ar shon nó i gcoinne an rúin.

Chomh maith le seo bhí siad siúd a bhí í láthair d’aon ghuth faoi thacaíocht agus flaithiúlacht muintir Comer maidir le Gaillimh Aontaithe. Thugadar deis don chumann imreoirí agus foireann a earcú agus a íoc. Mar aon le seo tá athrú cultúr sa gclub anois ó thaobh an réiteach laethúil sa Droma faoi stiúir John Caulfield agus a fhoireann bainistíochta a bhuíochas do na Comers. Is breá an rud Luke a fheiceáil ag na cluichí anois.

Tá a thuairim féin ag gach duine maidir le poinntí a deineadh ag an gcruinniú. Bhí taithí na mblianta ag Jim Brennan, Seán McHugh, Tom Quigley, Ger Burke, Seán Dunleavy agus Dave Parslow agus iad ag plé cúrsaí . D’ardaigh sé mo chroí féin guthanna óga úra a chlos chomh maith. Ina measc bhí an-substaint sa chur i láthair ar Mountain South ag Emmet Hartigan . An- réiteach á dhéanamh.

Nuair a tháinig an criú ar an tairne glacadh leis an rún. Dom féin tá súil agam go dtabharfaidh sé deis dúinn tosnú i gceart ar athbheochan an chumainn. D’éirigh linn cáiliú don Eoraip trí uaire idir 1985-1991.Níor bhuail muid cic i gcomórtas Eorpach ó shoin. Tá muid i bhfad uaidh.

É sin ráite tá síolta á scaipeadh ,fréamhacha á chur agus athrú meoin agus dearcadh le sonrú. Nárbh bhreá an rud sacar Eorpach a bheith os ár gcomhair amach lá éigin i bPáirc Eamonn Deacy. Nach é Chick a bhainfeadh sásamh as!

Sé mo bharúil féin go dtugann an cine seans dúinn aisling a bheith againn do thodhchaí an chumainn. As an aisling againn, ba cheart go dtiocfadh an fís agus as sin arís an pleanáil agus réiteach. Uaidh sin na spriocanna againn agus conas a dhéanfar miosúr orthu. Ná bímis chun tosaigh orainn féin ach tabharfaidh an bhóta cinniúnach seo seans órga dúinn. Fúinn féin agus na Comers a bheas sé. Beidh le feiceáil.

Bhí nóiméad ciúnais roimh an chluiche in aghaidh Cobh in omós d’anam Norrie Burke (RIP) máthair an scoth leantóir Ger Burke agus fear céile Mick Burke nach maireann. Bhí na Burkes linn ariamh ó laethanta tosaigh Galway Rovers. Daoine uaisle, gnaiúla nach ndearna dhá leath dá ndícheall ariamh ag tacú le spórt na Gaillimhe. Ba bhean lách, cneasta, diaganta í Norrie a chaith saol fada ag freastal ar a comharsain. Tá a saothar tuillte go rí mhaith aici. Leaba i measc na naomh ag Norrie.

BERNIE O’CONNELL