shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Hup Gaillimh!

Fearann Gaillimh Aontaithe fíorchaoin fáilte roimh ár gcuairteoirí as Loch Garman tráthnóna. Tá muid ag lorg an chéad bua sa mbaile sa tsraith agus tá a gcuid spriocanna féin ag na cuairteoirí t’éis tús dúshlánach a bheith déanta acu féin sa gcomórtas. D’fhág an bainisteoir Brian O’Sullivan ag tús na seachtaine.

D’fhoghlaim an fhoireann baile ceacht dóite an tseachtain seo caite i gcoinne Fáinnithe Bré. Cheap muid go mbeadh cluiche crua romhainn agus sin mar a tharla. Bhí moladh ag dul do na leads s’againne as an gcaoi gur tharraing siad iad féin ar ais sa gcluiche t’éis cúl a ligean isteach ach chinntigh cúl Gary Shaw ar deireadh gurb iad na Faoieáin a bhí buacach.

Tugann an cluiche seo deis do leithéid Ruairi Keating agus Podge Cunningham iad féin a chur chun cinn go mór sa bhfeachtas. Is maith mar atá Keating ag glacadh freagracht chun tosaigh ach bheadh Gaillimh ag treabhadh i gceart dá néireodh leis féin agus peileadóir Áth Cinn an eangach a chraitheadh go minic. Tá an scil agus an díocas iontu beirt. De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Tig le duine ar bith staidéar a dhéanamh ar an gclár seo síos na mblianta agus feicfidh siad Stephen Walsh molta go minic agam. Tugann a chuid imeartha bród agus spreagadh dom i gcónaí. Is gaiscíoch ceart é. Fear go bhfuil omós aige don gheansaí, don chathair agus don chondae. Níor athraigh sé riamh. Taispeánann an imirt croíúil onórach an bealach dá chomhimreoirí. Is saibhre muidne dá bharr agus is mór liom go bhfuil sé ar ais an séasúr seo sa ngeansaí marúin.

Is trua mór go bhfuil gortaithe ag cur as chomh mór sin do fhoireann John Caulfield. Anuas ar thubaist an briseadh cos ag Francely Lomboto, tá fadhbanna ag a leithéid Ronan Manning, Conor O’Keeffe agus Shane Doherty. Is deacair a mheas dá mbeadh fáil ar gach imreoir cén leagan amach ab fhearr a bheadh againn.

Sólás amháin dúinn dar ndóigh go bhfuil deis imeartha á fháil ag laochra eile agus seans luachmhar acu cás a dhéanamh dóibh féin. Tá súil againn go léir go dtiocfaidh Francely ar ais ceart agus níos láidre ná mar a bhí sé riamh.

Tá mná na Gaillimhe ar an mbóthar amárach i gcoinne Shelbourne. Cluiche sách crua t’éis an caillteanas in aghaidh Loch Garman. Beidh muid ag súil go dtabharfaidh siad léargas cruinn ar an sár chumas acu.

Má dhéanann siad an méid sin bheadh duine dóchasach go néireodh leo toradh a fháil. Guíonn muid gach rath ar fhoireann Billy Clery i mBaile Átha Cliath. Tá sé tábhachtach go naithneoidh pobal na Gaillimhe sár imreoirí na foirne seo. Leis an ardú do na srianta poiblí an tseachtain seo tá foirne sacair an chondae ag fáil faoi réir le feachtas 2021 a chríochnú. Is mór an mhaith é agus tá moladh ag dul d’oifigigh an chluiche sóisearach anseo i nGaillimh don phlean acu cúrsaí a chur sa tsiúil arís.

Ní raibh cluichí ag teastáil chomh mór riamh. Tá suim faoi leith ag pobail peile éagsúla sna cluichí seo agus is furasta a aithint an difir a dhéanann an spórt do spiorad na ndaoine. Is iad na cluichí iontacha a chonaic mé sa Pháirc Theas anuraidh cuid de na cuimhnithe is fearr a bhí agam in aimsir crua na paindéime. Is diabhaltaí an aththús a bheas idir West agus Rangers nuair a chuirfear tús le cúrsaí. Céard eile a bheadh uait?

An deireadh seachtaine seo tá peileadóirí agus iománaithe na Gaillimhe ag dul chun páirce. Arís is ábhar mórtais agus ceiliúradh an méid seo. Ceist eile ar fad ar ndóigh cé chomh réitíthe agus a bheas gach condae do chomortaisí na bliana seo. Feicfidh muid.

Ina dhiadh sin agus uile nuair a shéidfear feadógaí beidh suim faoi leith ag Gaillimhigh i ndul chun cinn na báireoirí agus na peileadóirí. Tá rud éicint an- luachmhar ag baint leis an deireadh seachtaine seo. Guíonn muid chuile rath ar ár laochra sna geansaithe marúin.

BERNIE O’CONNELL