shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Treaty

Fáiltíonn Gaillimh Aontaithe roimh ár gcairde peile as Treaty tráthnóna. Tá ceangal láidir idir scéalta sacair na Gaillimhe agus Luimnigh.

Comhartha go bhfuil an saol ag druidim chun na normáltachta agus cluiche i bPáirc Eamonn Deacy ar an Luan. Níl dochar ar bith ann!

Is mór linn sean laochra againn féin ar nós Enda Curran, Marc Ludden agus Jack Lynch ag filleadh tráthnóna. Thugadar an-sheirbhís don gheansaí marún agus tá súil againn go mbeidh séasúr maith acu. Maithfidh siad dúinn más fearr linn go bhfanfadh na trí phoinnte Cois Coiribe.

Ba mhór an rud é na sluaite a fheiceáil ar ais anseo i dTír Oileáin don chluiche i gcoinne Port Láirge cé go mba dheacair meabhar a bhaint as an taispeántas againn sa chéad leath. Bhí difear aisteach idir í agus an méid a chonaic muid i gCorcaigh. Ba faoi John Caulfield agus a fhoireann bainistíochta cúrsaí a fheabhsú ag leath ama. Rinneadar amhlaidh.

Céard a d’fhoghlaim muid ón oíche? An tábhacht le Wilson Waweru chun tosaigh agus an bua aige a chomh imreoirí a tharraingt isteach san imirt. Sníomhann sé cúrsaí go maith agus é breá ábalta spás a chruthú ar bharr na páirce.

Scaití sa chéad leath bhí leisc orainn a bheith díreach go leor rud a d’fheil dár gcéile comhraic. Bhí sé soiléir freisean cumas agus taithí na Príomh Roinne acu. D’fhoghlaim muid freisean cé chomh lárnach agus atá Stephen Walsh do DNA na foirne. Spiorad, crógacht, díocas agus bród na Gaillimhe. B’iontach mar a chaith sé laincisí ama i dtraipisí ag léiriú a chumas peile agus ag dúiseacht mórtas an lucht féachana.

Laoch den scoth a ardaíonn croíthe leantóirí. Ní féidir breathnú air gan cuimhniú ar Eamonn Deacy (RIP), Miko Nolan (RIP), Jimmy Nolan, John Mannion, John agus Mark Herrick. Os rud é gur siar ar bhóithrín na smaointe atáim is ceart dom Tommy agus Tony Murphy a lua sa
liosta iomráiteach sin.

Bhí ioróin gur chuimhnigh an slua ar bheirt peileadóirí iontacha ó Hibernians roimh an chluiche Jimmy Warde (RIP) agus John Tierney (RIP). Nach iad a bheadh bródúil as taispeántas bainisteoir Hibernians sa gcluiche an oíche cheanna.

An ceacht deireannach a d’fhoghlaim muid in aghaidh foireann Ian Morris ná gur mheabhraigh sé arís dúinn gur foireann nua atá againn agus go dtógfaidh sé píosa orthu a féiniúlacht féin a bhaint amach. Ach tá muid ag druidim ag an bpoinnte go naithneofar iad mar foireann le sainmharcanna peile John Caulfield leo. Spiorad, bród, fuinneamh agus pleanáilte. De réir a chéile a thógtar na caisleáin.

Is údar misnigh dúinn uilig go bhfuil gach léiriú ann go gcoinneoidh Gaillimh Aontaithe na sluaite ag ár gcluichí baile. Bhí áit faoi leith ag an gclub sa saol Covid agus ba mhór an beannacht na cluichí a bheith le feiceáil ar ár scáileáin. Tuigeann muid go maith an tábhacht le spórt beo, aicsean, ócáid agus caidreamh leis an bpobal.

Tá moladh faoi leith ag dul don dream óg. Moladh leis do na dílseoirí a bhíonn ag cluichí as baile. Ardaíonn sé mo chroí na gártha molta as Gaeilge a chlos Cois Laoi, i mBrí Chualainn agus timpeall na tíre uilig. Sainmharc speisialta don chlub agus don phobal seo.

Bhí ríméad orainn uilig gur éirigh le Salthill Devon i Luimneach sa dreas deireanach don Chorn FAI. Tá foireann cumasach acu ar an Droma anois lán le taithí. Bheadh duine dóchasach go mbeidh sé ar chumas na leads seo coinneáil orthu. Tá seirbhís den scoth tugtha ag an gcumann do scéal sacair na Gaillimhe.

Ar pháirceanna cathrach sa bPáirc Theas agus i Muirbheach a chaith mé mo chuid ama t’éis cluiche Phort Láirge. Traoslaím le West United as an obair aisteach atá ar bun acu le buachaillí agus cailíní ó cheithre bliana suas. Cluichí cairdiúla acu in aghaidh Hibernians agus Merlin Woods agus slua maith tuismitheoirí ag tacú le na laochra óga. Ba mhór an spórt a bheith i láthair.

I Muirbheach an lá dár gcionn Mervue agus Ceiltigh Thuama ag tabhairt ardán do leads faoi 9. An-chaighdeán peile agus forbairt peile den scoth. I measc an tslua ag tacú leis an bhfoireann baile bhí Francely Lomboto. É féin agus Ronan Manning ag traenáil crua agus ag teacht
ar ais acu féin. Is mór an rud é ár laochra ag tacú leis an nglún nua.

Mol an óige a deir siad. Chaithfeá a bheith an-thógtha le painéal sinsearach na Gaillimhe san am i láthair. Anois caithfidh muid ár n-aird ar choimhlint peile an tráthnóna.

Gaillimh Abú!

 

BERNIE O’CONNELL