shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Treaty

Fáiltíonn Cumann Peile Gaillimh Aontaithe roimh ár gcuairteoirí as Luimneach tráthnóna don chluiche sraithe seo . Tá ceangal ársa idir Gaillimh agus Luimneach sa tsraith náisiúnta agus má tá aon cheo fiúntach foghlamtha againn is fiú a bheith fíor chúramach ag déanamh aon réamhfhaisnéis sna cluichí eadrainn.

Bhí an-mheascán sna mothúcháin againn ag filleadh ón dhá chluiche as baile againn le gairid. Ag filleadh ó Áth Luain bhí díomá ar chuile dhuine nár éirigh linn tógáil ar an mbua tábhachtach in aghaidh Shelbourne. A mhalairt ar fad a bhí muid ag filleadh ó Dheisceart Baile Átha Cliath Dé hAoine seo caite. Gliondar croí agus árdú meanmain t’éis cluiche crua.

Sábháil den scoth ó Luke Dennison ó chic píonóis a chinntigh gur scar cúl Mikey Rowe na foirne. Bhí neart le plé ar an mbóthar anoir ach ar aon nós bhí muid cinnte go bhfuil cumas troda agus spiorad sa bpainéal rud a chiallaíonn an t-uafás. Níl muid ag cur dalladh mullóg orainn féin faoi chaighdeáin an taispeántais ach nuair a tháinig an criú ar an tairne níor chlis muid.

Bhí iontas orm an oíche dár gcionn ag cluiche na mban sa Chorn anseo i dTír Oileáin go raibh na tuairiscí chomh diúltach faoin mbua. Is dóigh go gcaithfeá a bheith i láthair chun dúshlán castaway Cabo a thuiscint. Níor imir muid go ró-mhaith go háraithe sa chéad leath ach d’aimsigh muid an bealach leis an gceann is fearr a fháil. Bogaimís ar aghaidh anois ag an gcluiche seo anocht.

Bhí brón orm an radharc deireanach go ceann píosa a fheiceáil de Christopher Horgan i ngeansaí na Gaillimhe. Lead álainn nach ndearna dhá leath dá dhícheall ariamh ar pháirc peile. Bíodh sé ag traenáil nó ag imirt bhí uaisleacht agus dáiríreacht ag baint leis agus cumas ina chuid imeartha. Níor spáráil sé é féin a riamh. Guím chuile rath air sa chúrsa ollscoile aige ar an Mór-Roinn.

Chinntigh an bua cuimsitheach ag Treaty ar Cobh 3-0 an tseachtain seo caite nach bhfuil ach dhá phoinnte eadrainn. Má thógann tú talann mar Tadgh Ryan, Jack Lynch agus Marc Ludden san áireamh is cinnte go bhfuil lámh an-láidir ag Tommy Barrett ag teacht chun páirce tráthnóna. Beidh an t-uafás réiteach déanta ag Lisa Fallon agus John Caulfield fána choinne.

Ag dul ar ais ag cluiche na mban Dé Sathairn, tá fíor chreidiúnt a thabhairt do Stephen Lally as na Gaillimhigh a stiúradh go dtí leath-chraobh an Choirn. Tá scoth na nimreoirí bailithe aige. Taithí go leor lena leithéid Maebh de Búrca, Julie Ann Russell, Becky Walsh agus Emma Starr. Taobh leo ógánnaigh cumasacha mar Kate Slevin, Therese Kinneavy agus Shauna Brennan. B’iontach an buntáiste Rachel Kearns a mhealladh ar ais agus spiorad agus cumas Savannah McCarthy ag tiomáint cúrsaí. Scoth imreoirí atá ar thairseach na staire anois.

Déanaim comhgairdeas le Ruth Fahy as a bheith ceapaithe mar Príomh Oifigeach ar an gcumann. Neart taithí aici sa gcluiche agus tuiscint mhaith aici ar an gcluiche agus na féidireachtaí ar fad a bhaineann leis an gclub ó thaobh forbairt de. Is léiriú fiúntach é ar an meon dearfach atá ag an gclub faoin todhchaí. Nára fada uainn an lá go mbeidh aontacht idir na fir agus na mná againn in aon chlub amháin. Is mór an trua nach bhfaigheann na mná seo an tacaíocht atá tuillte acu.

Sular thosaigh an chluiche i mBaile Átha Cliath bhí comhrá fada agam leis an sár leantóir Peter Raftery. Áit ar bith atá an marún agus bán ag imirt beidh Peter i láthair. Thagair muid sa gcomhrá don bhrainse Baile Átha Cliath de Galway United Supporters Club a bhí gníomhach go maith sna hochtóidí ar aghaidh. Mar a tharla bhí Tommy Shields a bhí ina ceannródaí den ghrúpa ii gCabo freisean.

Déanaim tagairt dhó mar is beag nach bhfaca mé athnuachan beo ar an gcumann os comhair mo dhá shúil píosa fairies ina dhiadh sin.Scata déagóirí as Baile Átha Cliath a d’fhreastal ar an gcluiche agus an aidhm a bhí acu uilig is cosúil ná sarú a dhéanamh faoin bhfoireann baile.Níl fhios cén gleo a rinne na Dubs óga seo ar ár shon. Shílfeá go raibh céad Gaillimhigh óga linn. Chuir siad go leor le sásamh na hócáide. Níl fhios agam cérbh iad féin ach is iad a bhain sásamh as an mbua agus tacú linne. Is fánach an áit a bhfaigfeá gliomach!

BERNIE O’CONNELL