shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

In aighaidh Cábán tSíle

Beidh cuimhne go ceann píosa fada ar shéasúr peile na bliana seo as an méid cúil a fritheadh ag deireadh cluichí. Rinne Padraic Cunningham an beart mar seo Dé hAoine seo caite rud a shocraíonn suas an cluiche seo go breá tráthnóna idir muid féin agus ár gcuairteoirí as Cabinteely.

Tá rud amháin foghlamtha go maith againn faoinár gcuairteoirí agus is é sin go mbíonn díocas aisteach ina gcuid imeartha ó thús deireadh. Ná bí ag súil le haon cheo eile tráthnóna. Tá rian an seanmháistir Pat Devlin le sonrú go maith orthu.

Ba deas Padraic Cunningham i measc na gcúl arís agus bhí a spiorad féin agus a chomhleacaithe le blaiseadh ceart sa darna leath. Maidir le céad cluiche Alex Murphy chuirfeadh sé an céad amharc ar Tommy Keane (RIP) ar an ardán náisiúnta. B’fhéidir nár imir siad san ionad céanna ar an bpáirc ach bhí draíocht ag baint leo beirt. Go mba fada buan Alex i ngeansaí na Gaillimhe.

Is cineál mistéir rialta iad ár laochra peile i mbliana. Tá an cur chuige agus an réiteach ar ard chaighdeáin sa Druma ach ní éiríonn leo i gcónaí an-tullmhúcháin sin a thaispeáint sna cluichí acu. Ba rí-léir an spiorad foirne a bhí acu nuair a scóráil Podge. Na himreoirí agus an bainistíocht mar aonad láidir amháin. D’ardaigh sé mo chroí.

S’én athrú crot againn sa darna leath ba chúis leis an teacht aniar againn. Bhí fuadar faoi na hionadaithe cás a dhéanamh dóibh féin leis. Neosfaidh an aimsir faoi cé chomh tábhachtach agus a bhí an bua sin in imeachtaí na bliana.

Ceist eile ar fad é castáil le Cabinteely anocht. Ba mhaith mar a chruthaigh siad féin t’éis an mbriseadh leis an bua 2-0 ar Chathair Chorcaigh. Rud atá deacair a dhéanamh ó dheas. Chinntigh an seú bua sa séasúr go bhfuil siad lonnaithe sa gceathrú áit sa tsraith.

B’iontach an rud é go raibh lucht féachana ar ais linn an tseachtain seo caite. Rinne sé difir aisteach dúinn leantóirí a bheith ar ais i dTír Oileáin. Ba bhreá an rud é castáil le cairde agus bleid cainte a bheith agat leo. Le Cúnamh Dé beidh méadú ar an méid seo sna míonnaí romhainn amach.

Bheadh an -trua agat do na himreoirí ag Gaillimh atá thíos le gortaithe móra ar an aimsir seo. D’airigh muid uainn go mór Francely Lomboto, Ronan Manning agus Carlton Ubaezuonu. Guíonn muid gach rath orthu agus iad ag teacht chucu féin.

Ba mhaith mar a chruthaigh Conor O’Keeffe t’éis teacht ar ais. Tá dóchas ann leis go bhfuil Shane Doherty ag teacht chuige féin. Is iad muintir Doherty i New Jersey atá ag baint sásamh as na cluichí go léir atá á chraoladh againn. Dílseoirí iontacha.

Tá peil na hEorpa linn agus is maith ann é. Is iontach an rud go bhfuil na sraitheanna áitiúla faoi lán seol chomh maith agus neart daoine ag trial orthu. B’iontach an fáilte a bhí ag daoine don chluiche idir West agus Rangers. Ba mhór an rud é freisean an fáilte a fhearadh roimh Paddy Grant ar an oíche. Fear speisialta a thuigeann tábhacht an tsacair ag chuile leibhéal sa gcondae seo.

Comhgairdeas ó chroí le Tom Trill agus Coiste Sacair na Gaillimhe as cás peile na nimreoirí áitiúla a throid ar bhealach éifeachtach stuama. Ní minic a athraítear cinnithe Baile Átha Cliath. Is mór linn uilig cinnireacht láidir cumasach a fheiceáil uathu siúd a stiúraíonn cúrsaí sacair na Gaillimhe.

Anocht baineann an chluiche le réiteach, samhlaíocht, spiorad agus paisean. Baineann sé le mórtas as an ngeansaí agus imreoirí atá sásta seasamh suas in uair na héigeandála. Níl áit ar domhain gur fearr liom a bheith le bheith macánta.

Ar deireadh comhgairdeas le sean laoch againn an cúlbáire Conor Gleeson as ucht an taispeántas aige do Ghaillimh Dé Domhnaigh seo caite. Muna raibh an lá le Gaillimh b’iontach mar a chruthaigh Conor idir na postaí. Comhgairdeas leis le báireoirí na Gaillimhe as feachtas sraithe an-mhaith a chur isteach. Tugann siad an-mhisneach dúinn.