shopping-bag 0
Items : 0
Subtotal : 0.00
View Cart Check Out

Na Fáinleoga ar ais Cois Coiribe

Fáiltíonn Gaillimh Aontaithe roimh Fáinnithe Bré anseo i bPáirc Eamonn Deacy anseo tráthnóna. Tá an-mheas againn anseo i nGaillimh ar ár gcuairteoirí agus is mór linn iad a bheith ar ais i dTír Oileáin don chluiche sraithe seo.

Ach an oiread linn féin níl tús iontach déanta ag Bré sa séasúr nua. Is ait linn é seo nuair a chuimhníonn duine go bhfuil talann mar Brandon Kavanagh, Conor Clifford, Gary Shaw, Aaron Barry agus Brian Maher ar bord acu. Go dtí seo níl aon chluiche buaite acu fós agus ní mór dúinne anseo a bheith san airdeall nach nathraíonn foireann Gary Cronin an scéal sin tráthnóna.

Rud amháin cinnte ná go mbeidh a gcuid obair baile déanta ag John Caulfield agus Lisa Fallon faoi láidireachtaí na gcuairteoirí ach cuirfear an béim mar is ceart ar an taispeántas againn féin. Bhí ríméad orainn uilig leis an mbua agus an taispeántas a thug an fhoireann i gcoinne Cobh Ramblers Dé Sathairn. Bhí slacht ar an imirt agus cur chuige éifeachtach le feiceáil ag na Gaillimhigh. Ba mhaith freisean cúpla cúil a fháil i gCorcaigh.

Tá leagan amach na foirne an shuimiúil i láthair na huaire. Áirím anseo an ról cosantach ag an gcaptaen Conor McCormack. Beidh le feiceáil an tionchar a bheas ag an máistir ar chúrsaí agus é i bhfad siar. Tugann an athrú seo deis do David Hurley an ról lárnach aige i lár na páirce a thógáil sa ngeansaí baile. Lasann cumas peile Shane Duggan cluichí go leor agus d’fhéadfadh an páirtnéireacht úr aicsean go leor a dhéanamh.

Dúirt tráchtaire aitheannta ar an bpeil liom an tseachtain seo caite go dtaitníonn sé go mór leis ná go bhfuil ár dtosaithe go léir ar an marc le gairid. Tá cumas Rory Keating aitheannta le fada anseo. Má éiríonn leis na cúil a aimsiú chomh maith leis an obair fiúntach aige ag stiúradh cúrsaí chun tosaigh beidh rudaí ag feabhsú go mór.

Tá Padraic Cunningham ag taispeáint go leor ón mbinse le cúpla seachtain agus bhí tionchar ollmhór aige i gCobh t’éis a bheith tugtha isteach. Ba mhaith an chomhartha é.

T’éis an t-aicsean aige i ngeansaí sinsir peile na Gaillimhe is mór an rud é a bheith ar bord againn féin arís i dTír Oileáin. Peileadóir agus caractar den scoth.

Níl maith ar bith dúinne anseo a bheith ró-chinnte fúinn t’éis an mbua i gCobh. Má tá tada foghlamtha againn sa tsraith i mbliana s’én fírinne spóirtiúil ná go bhfuil gach cluiche difriúil agus go bhfuil gach oíche ina chath faoi leith. Tá cás Bré gach pioc chomh práinneach agus atá sé againn féin. Caithfear meas a thaispeáint dóibh.

Is deacair a mhíniú an fáth a thaitníonn cluichí idir Gaillimh agus Bré thoir chomh mór sin liom. Airíonn duine go bhfuil fáilte roimhe agus gur daoine gnaiúil atá ag tacú le na Fáinnithe. Níl aon ard nósachas ag baint leo. Tá seirbhís saol tugtha ag laoch mar Vincent Kirwan dóibh. Bhí omós acu don Ghaeilge ar nós muid féin agus preas bosca chomh fáilteach agus a bhí sa tír.

Bhí an trua agam Dé Sathairn seo caite do pheileadóirí ban an chondae nuair a bhí droch thoradh acu i Loch Garman. Níl an form baile acu le sonrú chomh mór sin agus iad ar an mbóthar. Tá siad dímhaoin an tseachtain seo rud a chinnteoidh go mbeidh Billy Clery agus Dave Bell ábalta iad a réiteach i gceart don turas acu chuig Shelbourne.

Is maith an rud go mbeidh an stiúir agus taithí sin ar fáil acu. Tá imreoirí cumasacha ansin agus scoth riarathóirí ag tacú leo. Ba mhór an rud dá néireodh leo craitheadh a bhaint as na mór fhoirne fós an séasúr seo. Bhí sé iontach gur tugadh roinnt acu suas ag traenáil leis an bhfoireann náisiúnta an tseachtain seo caite. Guíonn muid chuile rath orthu.

BERNIE O’CONNELL

(Tógha ó Maroon View uimhir a ceathair, in aghaidh Bré.)